interreg eu

INTERREG IIIA A Community Initiative which promotes cross-border, transnational and inter-regional co-operation in the European Union and its border regions. INTERREG IIIA supports joint Irish/Welsh projects with the aim of promoting the sustainable development of the cross-border region through an integrated approach to economic, social and environmental development

Feile Clai | Clay Festival Logo cymraeg Pottery figure Feile Clai | Clay Festival Logo cymraeg Pottery

 

 

 

An mbíonn tusa ag déanamh obair chriadóireachta?

Déan clic ar na naisc seo thíos le heolas a fháil maidir le himeachtaí Féile Clai in Éirinn agus sa mBreatain Bheag:

Imeachtaí na Breataine Bige

Imeachtaí na hÉireann

 

Sliocht as tuarascáil Roger Guy Young maidir leis an gceardlann sparántachta

le Brian Anderson

 

Is maith liom gur iarradh orm an togra seo a dhéanamh, agus is maith liom gur le Brian a bhí mé ag obair.

 

Seo mar a chuir mé chuige:

  1. Mhol mé do Bhrian smaoineamh ar na bearnaí a bhí ina chuid eolais ionas go bhféadfainnse iad a líonadh.
  2. Tar éis breathnú dom ar an gcineál oibre a bhíonn Brian a dhéanamh, smaoinigh mé ar na hábhair agus ar na modhannaí oibre a d’fhéadfainn a chur ar a shúile dó ar mhaithe lena spreagadh.

 

D’iarr Brian cúnamh orm le luí isteach ar an obair snasadóireachta. Rinne muid snas ar bhealaí seanchleachtaithe ar dtús. Chuir muid ocsaidí agus eile leo ina dhiaidh sin. Tá a dhóthain misnigh ag Brian faoin am seo le tabhairt faoin obair snasadóireachta é féin.

 

Le tamall anuas, is nós le Brian múnlaí éagsúla a úsáid. Ós mar sin a bhí, chaith muid cuid mhaith den am a bhí againn ag plé le models. Mhúnlaigh muid na models sin, agus bhain muid úsáid as na múnlaí le píosa oibre a dhéanamh. An píosa oibre a bhí i gceist, bhí sé casta go leor, agus theastaigh múnla cheithre chuid chuige. Shíl mé gur dhúshlán a bheadh anseo do Bhrian, ach shíl mé freisin go n-éireodh go breá leis. Rinne Brian model agus múnla as potaí salainn agus piopar a raibh cruth fear fichille orthu. Rinne siad seo foireann leis na huibheagáin cruth caisleáin. Bhí ábhair éagsúla i gceist: cré geal, cloch gheal, porcelain agus porcelain páipéir.

 

Bhí toradh gan choinne ar an obair múnluithe seo: na soithí ‘cluasacha’…Thug Brian suntas don imeall ard a tháinig ar an earra de bharr brú mhóir ar éadan an tsoithigh. Le teann samhlaíochta le linn doirteadh an mhúnla, baineadh úsáid as an mbrú seo le soithí ilghnéitheacha a thionscnú.

 

Tá cheithre lá iomlán caite againn i mo stiuideosa go dtí seo, maraon le roinnt uaireanta an chloig i stiuideo Bhriain, agus seisiún nó dhó eile. Is iomaí buntáiste a bhain leis an sparántacht a chaitheamh ar an gcaoi seo. Bhí deis ag Brian na smaointe nua a chur i bhfeidhm, toradh na hoibre a thaispeáint dom féin, agus ceisteanna a chur orm faoin bpróiséas. Bhí deis againn an tine a úsáid agus léargas a fháil ar an obair a bhí idir lámha againn.


 

Sliocht as Tuarascáil Bhrian Anderson

 

D’fhoghlaim mé go leor leor i rith an tsamhraidh ó bronnadh sparántacht Fhéile Clai orm. Is ar dhéanamh na múnlaí agus ar an múnlú féin a bhí an bhéim. Lean mé smaoineamh a bhí agam le tamall: rinne mé uibheagán cruth caisleán fichille.

 

Chuir Roger an chéad mhúnlú ar an ábhar a bhí againn, agus chuir mise mo chruth féin air ansin. Chuir mé círín mantach air in uachtar. Thaispeáin Roger múnla na gceithre chuid dom, agus rinne muid múnluithe leis sin. Thuig mé an feabhas is féidir a chur ar an teilgean ach cur leis an am nó baint uaidh, agus bhí an-spraoi agam ag glanadh agus ag bearradh.

 

Dushlán eile a bhí sa múnla trí chuid a theastaigh leis na potaí salainn agus piopair a dhéanamh. (Rud thar a bheith tábhachtach a bhí san airgead a tugadh dom le hábhar a cheannacht: murach é bheinn gann sna rudaí a bhí uaim.) I láthair na huaire, tá mé ag obair ar an gcéad fhear eile sa bhfoireann: rí fichille agus cruth crúsca marmalade air. Is obair chasta atá i ndéanamh an rí, mar tá trí chuid sa teilgean féin.

 

Le linn dom a bheith ag teilgean agus ag múnlú, tharla gur bhain mé triail as múnla babhla pláistéir. Bhí fomhúnla breise i gceist leis seo. Rinne mé soithí míne leis, agus chuir mé snas celadon orthu.

 

Tá an-mhisneach agam in úsáid an oighin anois, agus is dóigh liom gur féidir liom cur le mo chuid eolais agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.

 

Míle buíochas libh!

 

Tuarascail na Sparántachai Taistil ,Féile Clai

 

 

                                           Tuairisc maidir le Karen

 

 

Tar éis dúinn beagán cainte a dhéanamh, ba léir go raibh rath agus toradh ag teacht ar shaothar Kharen, agus sin de bharr dua mór a bheith caite aici leis an obair de réir mar a bhí an taispeántas deiridh ag druidim linn. Rinne muid machnamh ar an mbealach ab fhearr lenár gcuid ama a chaitheamh i Hooks Cottage, agus is é an rud ab fhearr dar linn an obair a gcaithfinnse trí seachtainí lei de ghnáth a chur dínn taobh istigh de chúig lá! I dtús báire, thug mé rogha cineálacha cré poircealláin do Kharen, agus thug sise faoi mhúnlú an ábhair de réir mar a d’fheil go sainiúil go gach cineál faoi leith. Dúirt mé léi a cuid oibre a dhéanamh go deas réidh agus gan bacadh leis an imní a bhaineann le saothar a mbítear ag tabhairt breithiúnais air. Bhain Karen triail as rogha dathanna a d’fhéadfaí a chur ar an gcéad mhúnla nó ar an gcraiceann i gcás earraí a bheadh le cur i bhfoirnéis sóid uair amháin. D’éirigh linn a cuid saothair a thriomú (leag muid ar na raiditheoirí é chomh maith ’s a d’fhéad muid), agus d’éirigh linn an tornóg a líonadh agus a lasadh. Facthas dom nach oide a bhí ionam féin ach stiúrthóir. Dá réir sin, rinne muid an-chur síos ar shaol an chriadóra agus ar chúrsaí criadóireachta agus ar chúrsaí an tsaoil trí chéile. Bhí súil agam go mbainfeadh Karen idir thairbhe agus thaitneamh as an mbeagán ama a chaith sí in éineacht liom ionas go mb’fhéidir go mbeadh lorg an ama sin ar a saothar amach anseo.

 

 

B'iontach an deis dom féin seachtain a chaitheamh le Jack Doherty le cúnamh ó Fhéile Clai, agus is tráthach an rud a bhí ann freisin mar is criadóir óg mé i dtús mo chuid ceardaíochta. Deis mhór chun foghlama a bhí ann, deis le haithne a chur ar chriadóir a bhfuil meas agam ar a shaothar le fada, agus deis le comhoibriú leis an duine sin freisin.

Ionas go n-éireodh an tseachtain go geal linn, shocraigh mé féin agus Jack go gcaithfeadh muid an chéad chúpla lá leis an déantúsaíocht féin, agus gur leis an triomú agus leis an maisiú a chaithfeadh muid fuílleach an ama. D’fhágfadh sin deis leis an tornóg a líonadh agus tine sóid a lasadh. Níor bheag an méid sin agus gan againn ach cúig lá, agus rinne muid an beart, agus bhí an t-am againn le cuairt a thabhairt ar Wombage Farm, stiúideo álainn atá ag Sheila Casson gar do bhaile.

Bhí cineálacha éagsúla poircealláin ag Jack, rud a d’fheil domsa, mar chiallaigh sé go bhféadfainn an ceann ab fhearr do mo shaothar féin a roghnú. Bhí fonn orm roinnt obair teilgeana a dhéanamh, ach bhí fonn nuaíochta orm freisin. Dá bhrí sin, thaispeáin Jack dom cén chaoi a ndéanann sé a chuid soithí leice cearnógacha. Ar aghaidh liom féin ansin le roinnt tastála sna réimsí seo a leanas: marcáil, mionphoill, síneadh agus tarraingt na cré.

Fuair mé amach go mbíonn fuinneamh agus brí i dtoradh na criadóireachta ach tabhairt fúithi go réidhchúiseach gan an iomarca pleanála. Chuir an dearcadh seo go mór leis an scóp a bhí agam leis an modh criadóireachta seo a chur i bhfeiliúint do mo chuid teilgeana féin.

Bhí teas mór san aimsir agus báisteach thoirní le linn dúinn a bheith ag obair, rud ab éigean déileáil leis, mar bhí triomú le déanamh againn. Sa deireadh thiar, tar éis thriomú na bpotaí, d’éirigh linn iad a mhaisiú le hocsaíd, le cuid de dhathanna meascaithe Jack, agus le craiceann geal, snasta.

 

 

Is é an nós atá ag Jack a shaothar a chur i dtornóg sóid aon uair amháin. Le própán a téitear an tornóg. Tosaíodh ar an laghdú ocsaíde faoi theas 1000 c. go han-mhoch ar maidin.

Tar éis tosaí do chón a 8 is ea a thosaigh an chuid is teo den obair: spraeáil an tuaslagain sóide trí na poill bheaga san oighean. Lean an obair spraeála sin ar feadh dhá uair a’ chloig. Tháinig deireadh leis an obair nuair a bhí cón a 10 thíos. Thaitnigh an obair thine seo go mór liom: bhí torthaí na hoibre go hálainn ar fad, agus tharraing siad aird ar thréithe nádúrtha na cré. Rud eile, léirigh sé dom an dícheall is gá ó thús go deireadh nuair a bhíonn an dó á dhéanamh.

Is rud thar a bheith spreagúil a bhí sa taithí oibre domsa. Is maith an léargas a fuair mé ar an obair chrua a bhaineann le craiceann sóid. Mar gheall ar an am agus ar an spás a bhí agam i stiúideo Jack, agus mar gheall ar an méid teicníce a d’fhoghlaim mé uaidh, tháinig borradh faoi mo chuid smaointe féin, agus thuig mé gur dóigh gur mhaith liom tuilleadh oibre a dhéanamh le poirceallán amach anseo. Míle buíochas le Jack más ea as ucht a chuid ama, agus míle buíochas le Féile Clai: ba mhaith uathu an sparántacht luachmhar seo a bhronnadh orm.

Karen Morgan

 

Is le linn dom freastal ar an Scoil Ealaíne agus Deartha i Luimneach a chuir mé spéis i gcúrsaí criadóireachta i dtosach. Is ann a fuair mé teastas i ndearadh earraí cré. Ina dhiaidh sin, chaith mé an bhliain 1999 ar an gcúrsa scileanna criadóireachta áit ar fhoghlaim mé gach ba ghá le bheith i mo chriadóir agus le hobair teilgeana a dhéanamh sa saol mór. As sin go ceann dhá bhliain eile, chuir mé barr feabhais ar mo chuid scileanna teilgeana le linn dom cleachtadh a dhéanamh tigh Mhichael Kennedy i nGaillimh, agus sa Castle Arch Pottery i gCill Chainnigh.

 

 

Chaith mé roinnt ama ag taisteal ina dhiaidh sin, agus bhíos ag obair le Paul Laird sa Nua-Shéalainn. Chomh maith leis sin, chaith mé seal ag múineadh scileana criadóireachta ar bord long saoire le comhlacht Princess ar feadh sé mhí. Ar ais liom go hÉirinn i 2005 le freastal ar an dara bliain den chúrsa nua sna scileanna criadóireachta agus deartha, rud a chuir ar mo chumas mo chuid scileanna féin a thabhairt chun cinn agus stiúideo de mo chuid féin a bhunú.

I láthair na huaire, táim ag obair ar dhá shraith. Is teilgean láimhe atá i gceist leo araon. Is éard atá i gceann acu saothar comhaoiseach poirceallán a bhfuil mo chuid muirtéil agus tuairgnín i gceist leis. “Sandscapes” an t-ainm atá ar an dara sraith. Is dealbhú soithí a bhfuil cruth sainiúil dá gcuid féin orthu atá i gceist leis an tsraith seo. Tá na soithí seo bunaithe ar chruth na sliogán agus ar an tírdhreach féin. Is é an port céanna atá leis an dá shraith: líofacht na mbunlínte, patrún na línte sin agus é curtha as a riocht.

Ar mhaithe le soithí Sandscape a chumadh, bainim tarraingt agus síneadh as an gcré le linn dó a bheith úr ar an roth. Beireann sin ar an teannas agus ar an bhfuinneamh nádúrtha atá san ábhar. Tá úire gné agus éalú solais sna píosaí seo mar a bheadh geal agus dorcha na ndumhcha, agus an síorathrú a bhíonn ar éadan an ghainimh.

Bronnadh an gradam Habitat/House and Home Design 2006 ar mo bhailiúchán Tuairgnín agus Muirtéal. Is éard is sprioc dó an dealbhadóireacht a nascadh le feidhm, rud ba léir don mholtóir ailteora Dermot Boyd. Cheannaigh an Cheardlann Náisiúnta an píosa seo don bhailiúchán buan atá acu, agus bronnadh gradam an 2006 Irish Student Designer of the Year air san Interior Design Show san RDS, Baile Átha Cliath.

Bhí “Sandscapes” le feiceáil i mbliana sa taispeántas Ceramics Ireland i gCaisleán Deilginse. Bronnadh gradam criadóireachta Pheter Brennan air. Ina dhiaidh sin, bhí an taispeántas ina chuid de Plan Expo, feis bhliantúil na hailtireachta san RDS, Baile Átha Cliath.

 

 

Mar gheall ar sparántacht na n-ábhar criadóirí ó Fhéile Clai, bhí deis agam taisteal go dtí an Bhreatain le hobair in éineacht le Jack Doherty. Chaith mé seachtain oiliúna ina theannta, agus fuair mé spreagadh thar na bearta uaidh.

Ba mhór an rud dom a bheith páirteach i dtaipeántas na n-ábhar criadóirí ón gCeardlann Náisiúnta i gCill Chainnigh anonn go hAberystwyth. Bhí feiceáil ar mo shaothar sa dá thír, agus de bharr deiseanna dá leithéid seo, tiocfaidh forás agus forbairth ar mo shaothar.

I láthar na huaire, táim ag obair go páirtaimseartha tigh Choilm de Ris i mBaile Átha Cliath. Bím ag déanamh mo chuid oibre féin freisin i stiúideo i mBaile Thomáis, Co. Chill Chainnigh.

Uimhir ghutháin: Tel: 00353 (0)86 1663691

Ríomhphost; karenmorganceramics@eircom.net

Seoladh; 18 The Belfry, Baile Thomáis, Co. Chill Chainnigh, Éire.

 

 

 

 

 

 

                                 Karen & Jack

  

Taispeántas na Nua-Chriadóireachta 2006

Déan clic anseo más mian leat foirm iarratias a fháil

 

 

Seimineár le JOHN WHEELDON agus seisiún grianghrafadóireachta le MARTIN AVERY (lá fhorbairt na scileanna gairme) 3ú Meán Fómhar 2005

 

Reachtáil Féile Clai Lá Fhorbairt Gairme in Ionad Ealaíon Aberystwyth ar an 3ú Meán Fómhar 2005. D’éirigh go rímhaith leis na himeachtaí. Bhí dhá cheardlann ann bonn araon.

Bhí Martin Avery i láthair, grianghrafadóireacht a bhfuil saineolas aige ar an gcriadóireacht. Thug seisean deis do chách pictiúir dá gcuid oibre a fháil. Bhí na pictiúir ar fáil ina sleamhnáin, ina bpriondaí agus bhí siad le fáil ar CD chomh maith.

Thuig na criadóirí an gá atá acu le pictiúir den scoth, agus chuir na pictiúir a tógadh an lá sin gliondar orthu. Dar leo ar fad gur mhór an cúnamh a leithéid dóibh lena saothair a chur i láthair.

 

Bhí John Wheeldon i bhfeighil ar sheimineár a raibh idir mhúnlú agus mhaisiú i gceist leis maraon leis an gcur faoi thine de réir mhodh Raku. Pléadh athchiorcalú ábhair, agus pléadh an úsáid chruthaitheach is féidir a bhaint as gnáthrudaí nuair a bhíonn uirlisí ag teastáil.

 

De bharr a fheabhas ’s a d’éirigh leis an lá, tá sé i gceist deireadh seachtaine dá shórt a eagrú mí Mhárta 2006. 

Déan clic anseo más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi mhodhanna athchiorclaithe John Wheeldon.

Déan clic anseo más mian leat nótaí úsáideacha a léamh faoi thaispeántas John Wheeldon 

 

 

An Fóram um Fhorbairt Ghairmiúil 1ú Iúil 2005

Ar an 1ú Iúil 2005, reachtáil Féile Clai an chéad fhóram um fhorbairt ghairmiúil. Is ar na hábhair chriadóirí a bhí an fóram seo dírithe. Seo thíos roinnt de na rudaí a dúradh maidir le himeachtaí an lae:

‘Ar fheabhas – go raibh míle maith agaibh.’

‘Is mór an t-iontas é a bheith in aisce!’

 

‘An-lá ar fad agus eolas úsáideach le baint as.’

 

‘Bhí an-eolas le baint as tráth na gceisteanna. Is deas an rud scéal daoine eile a chloisteáil freisin!’

‘An-mhaith.’

 

‘Thar barr.’

 

‘Go raibh míle maith agaibh.’

 

Déan clic ar an nasc seo thíos más mian leat tuilleadh eolais a fháil:

Aiseolas – An Fóram um Fhorbairt Ghairme 2005

 

Ealaíontóir Cónaitheach  Iúil 2005

Bhí an t-ealaíontóir Jude Jelfs i láthair ag an bhFóram um Fhorbairt Ghairmiúil agus ag an bhFéile Chriadóireachta Idirnáisiúnta araon. Rinne sí roinnt líníochta i rith an dá ócáid.

Déan clic anseo más mian leat na pictiúir a fheiceáil. 

 

 

 

Éire

FÉILE CLAI

Féile Chriadóireachta Idirnáisiúnta na hÉireann

8ú-10ú Meán Fómhar 2006

Baile Thomáis, Cill Chainnigh

 

NA DATAI: 8ú – 10ú Meán Fómhar 2006

ANn CLAR AMA:  clárú ó 9-10 maidin Dé hAoine 8ú. Tiocfaidh deireadh leis na himeachtaí ag a 5 tráthnóna Dé Domhnaigh 10ú.

AN TIONAD: Tionólfar Féile Chriadóireachta Idirnáisiúnta na hÉireann ag Island Mill, Baile Thomáis, Cill Chainnigh.

PRAGHAS NA DTICEAD: 200

 

 

Na hEalaíontóirí (déan clic ar ainm an té ar mian leat breis eolais a fháil ina t(h)aobh):

Shao Ting Ju                 Taiwan           Dealbha ar chruth an duine

Geoffrey Healy             Éire                Earraí tí arna gcur faoi thine adhmaid

Daphne Corregan         An Fhrainc    Dealbhadóireacht raku

John Ffrench                 Éire/SAM      Soithí maisiúla

Ashraf Hanna                An Bhreatain Bheag   Soithí raku

Eric Astoul                     An Fhrainc

Greg Crowe

 

Seo iad na himeachtaí a bheidh ar siúl i rith an deireadh seachtaine:

  • Taispeántaisí leis na healaíontóirí cuairte.

  • Cur faoi thine

  • Cur agus cúiteamh.

  • Taispeántaisí ar an láthair

  • Seastáin trádála

  • Cuireadh chuig taispeántaisí na n-ábhar criadóirí ag an gCeardlann Náisiúnta, Cill Chainnigh, tráthnóna Aoine 8ú.

  • Buffet agus ceol beo Dé Sathairn 9ú (seo san áireamh i bpraghas an ticéid).

 

TAISPEANTAS:

Oíche Aoine 8ú Meán Fómhar, beidh cead ag gach éinne dá mbeidh ar an tionól na nithe seo a leanas a fheiceáil:

  • Taispeántas leis healaíontóirí idirnáisiúnta ag an gCeardlann Náisiúnta, Cill Chainnigh a mbeidh an drámaíocht súl, an múnlú cruthanna agus an dathadóireacht fite fuaite ina chéile go láidir ann.

  • Is sa rannóg nua i gCeardlann na Comhairle, Cill Chainnigh, atá Taispeántas na nÁbhar Criadóirí ar siúl. Taispeántas é seo a bheidh ag dul ó ard go hard le saothar ilghnéitheach le sé dhuine dhéag de chriadóirí na hÉireann ’s na Breataine Bige a chur i láthair na ndaoine. Is taispeántas bríomhar atá ann, agus is maith an deis ag criadóirí idir óg agus aosta í lena a saothar a chur chun cinn ar ardán idirnáisiúnta.

 

Baile beag fuinniúil is ea Baile Thomáis a bhfuil ealaíontóirí agus ceardaithe go leor i mbun oibre ann.  Tá lóistín den scoth ar an mbaile maraon le tithe ósta agus bialanna lán beocht.

 

 

AN SUIOMH:

Níl ach leathuair tiomána go baile Chill Chainnigh ó dheas, agus tá Inistoge deich nóiméad ó bhaile.

  • Uair agus ceathracha nóiméad go Loch Garman

  • Dhá uair a’ chloig go Baile Átha Cliath via Ceatharlach ar an N9

  • Dhá uair a’ chloig as Corcaigh

  • Trí huaire a’ chloig go leith as Gaillimh

  • Trí huaire agus ceathracha nóiméad as Béal Feirste

  • Cúig uair a’ chloig as Dún na nGall

  • Trí huaire agus ceathrú as Cill Airne, Ciarraí.

 

CURSAI LOISTIN:

Déan clic anseo clic anseo más mian leat liosta na dtithe lóistín agus n-ionad campala máguaird a fheiceáil.

Roinnt eolais maidir leis an láthair 

 

Is ar Abhainn an Óir i seanmhuileann atá an láthair seo.

Cóiríodh an muileann i gcomhair cúrsa scileanna criadóireachta a reachtáil Comhairle Ceardaíochta na hÉireann. Seo cúrsa a cuireadh ar bun i mBaile Thomáis, Co. Chill Chainnigh i 1990 le foireann mhaith a oiliúint a mbeadh méadú tairgíochta ar a gcumas agus sin ar ardchaighdeán. De bharr an chúrsa, tá  taithí faighte ag cuid mhaith daoine i dtionscal na criadóireachta. Fágann sin go bhfuil slí bheatha á baint amach acu sa tionscal. Is le haon bhliain déag atá an cúrsa á reachtáil agus is maith atá ag éirí leis a chuid spriocanna a bhaint amach. Tá cáil de réir air i measc lucht an tionscail. Chuaigh oiliúint ar 145 dalta ó bunaíodh an cúrsa i bhfoghlaim na criadóireachta. Cúrsa dhá bhliain is ea é ó 2004 i leith agus is cúrsa bliana a bhí ann roimhe sin: www.ccoi.ie

 

 

MIREANNA EOLAIS: