interreg eu

INTERREG IIIA A Community Initiative which promotes cross-border, transnational and inter-regional co-operation in the European Union and its border regions. INTERREG IIIA supports joint Irish/Welsh projects with the aim of promoting the sustainable development of the cross-border region through an integrated approach to economic, social and environmental development

Feile Clai | Clay Festival Logo cymraeg Pottery figure Feile Clai | Clay Festival Logo cymraeg Pottery

 

Daphnie Corregan     (France - Sculptural raku)

 

Daphne Corregan was born in Pittsburgh, Pa. USA in1954. She moved to the South of France in 1971 and began her studies at the School for Fine Arts in Toulon , Marseille and finally in Aix en Provence in the ceramics studio under Jean Biagini in 1977. She’s followed numerous workshops in glass and bronze, which she frequently includes in her ceramic projects.  She and Gilles Suffren installed their first studio in 1980. She began teaching ceramics and sculpture at the National Superior School for the Visual Arts in Monaco in 1989.

She has received grants to work amongst women potters in Burkina Faso in Western Africa and at FuLe in Fuping, China. She has led ceramic workshops and participated in numerous international symposiums such as Le Printemps des Potiers in Bandol, Fr., the Summer Academy in Bildwerk, Germany, WOCEK in Korea, Clay Modern in Australia, the Centre Bonsecours in Montreal, Canada, the Keramiekmuseum in Westerwald, Germany and the School for Decorative Arts in Geneva, Switzerland.

She’s helped organize several exhibitions of contemporary ceramics, the most recent being the opening exhibit at the new French Ceramic Art Museum in Fuping, China.

She exhibits her work internationally and is housed in many private and public collections. She was awarded the Medallion for Cultural Merits from Monaco and membership in the International Academy of Ceramics in Geneva, Switzerland. Her bibliography includes articles in international magazines specialized in ceramics as well as three catalogues and a video.

Rugadh Daphne Corregan i bPittsburgh Mheiriceá i 1954. Chuaigh sí go deisceart na Fraince i 1971, agus thug sí faoi chúrsa i scoil ealaíne Toulon, agus ina dhiaidh sin in Aix-en-Provence i stiúideo criadóireachta Jean Biagini i 1977. Is iomaí uair freastal déanta aici ar cheardlanna gloine agus créumha aici, agus is minic idir ghloine agus chréumha mar chuid dá cuid criadóireachta. Is i 1980 a chuir sí féin agus Gilles Suffren stiúideo ar bun le chéile don chéad uair. Sa mbliain 1989, thosaigh sí ag teagasc na criadóireachta agus na dealbhadóireachta in Ardscoil Náisiúnta na nEalaíon Súl i Monacó. Bronnadh deontaisí uirthi le hobair a dhéanamh i measc na gcriadóirí ban i mBurkina Faso na hAfraice Thiar, agus i Fule, Fuping, sa tSín. Bhí sí i gceannas ar cheardlanna criadóireachta go leor i rith na mblianta, agus is iomaí uair a ghlac sí páirt i dtionóil idirnáisiúnta, mar atá Le Printemps des Potiers i mBandol na Fraince, An tAcadamh Samhraidh i mBildwerk na Gearmáine, an WOCEK sa gCoiré, Clay Modern san Astráil, an Centre Consecours i Montréal Cheanada, an Keramiekmuseum i Westerwald na Gearmáine, agus an School for Decorative Arts i Geneva na hEilvéise. Tá comheagrú déanta aici ar roinnt mhaith taispeántaisí nuachriadóireachta: is é an taispeántas sa músaem nua le criadóireacht na Fraince i bhFuping na Síne an sampla is deireanaí uaithi den chineál seo oibre. Bíonn a saothar le feiceáil i dtíortha go leor, agus is iomaí bailiúchán príobháideach agus poiblí a bhfuil obair léi le háireamh ann. Bronnadh bonn cultúir uirthi i Monacó as ucht feabhas a cuid ealaíne, agus is ball den Acadamh Criadóireachta Idirnáisiúnta í i Geneva na hEilvéise. I measc an ábhair atá foilsithe aici, tá ailt sna hirisí idirnáisiúnta dar sainábhar an chriadóireacht, maraon le trí chatalóg agus físeán.